Is féidir leat liosta de na cláir reatha agus iad siúd atá sceidealta ar do chainéil a fheiceáil leis an Eolaire Teilifíse. Taispeánfar cainéil analógacha agus dhigiteacha nó cainéil dhigiteacha amháin, ag brath ar cé as atá eolas (sonraí) an eolaire teilifíse ag teacht. Ní bhíonn eolas Eolaire Teilifíse ag gach cainéal.
Is féidir leis an teilifís eolas ón eolaire teilifíse a bhailiú do na cainéil atá suiteáilte ar an teilifís (e.g na cainéil a bhféachann tú orthu le Féach ar theilifís). Ní féidir leis an teilifís eolas ón Eolaire Teilifíse a bhailiú do chainéil a bhféachtar orthu ó ghlacadóir digiteach.