Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.
Go dtí teilifís atá suiteáilte cheana féin
- Fíoraigh socrú tíre na teilifíse. (Chun an socrú seo a fhíorú, féach ar an gcaibidil Athshuiteáil cainéil. Tosaigh an nós imeachta seo go dtí go mbainfidh tú an socrú tíre amach. Brúigh BACK chun an tsuiteáil a chealú.)
Má tá an tír ceart, lean ar aghaidh le céim 2.
Mura bhfuil an tír ceart, ní mór duit athshuiteáil nua a dhéanamh. Féach ar an gcaibidil Athshuiteáil cainéilagus tosaigh an tsuiteáil. Roghnaigh an tír cheart agus gabh thar an gcuardach cainéil. Críochnaigh an tsuiteáil. Nuair atá sé sin déanta agat, lean ar aghaidh le céim 2.
- Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a bhfuil liosta cainéal na teilifíse eile air.
- Chun tús a chur leis an uaslódáil liosta cainéal, brúigh (Baile) > Socruithe > Gach socrú > Craoladh > Socruithe mód saineolaí > Cóipeáil Liosta Cainéal > Cóipeáil chuig an teilifís agus brúigh OK. Cuir isteach do chód PIN más gá.
- Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear an liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain amach an mhéaróg chuimhne USB.