(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil satailíte > Déan cuardach do shatailít > Athsuiteáil cainéil
- Roghnaigh Ó phacáiste sórtáilte nó Gach cainéal neamhshórtáilte.
- Roghnaigh Socruithe agus brúigh OK.
- Brúigh Athshocraigh chun athshocrú, nó brúigh Déanta nuair atá na socruithe athraithe agat.
Cineál naisc
Roghnaigh an líon satailítí a bhfuil uait iad a shuiteáil. Socraíonn an teilifís an cinéal naisc cuí go huathoibríoch
- Suas le 4 Satailít - Is féidr leat suas le 4 satailít (4 LNBanna) a shuiteáil ar an teilifís seo. Roghnaigh díreach an líon satailítí ar mian leat iad a shuiteáil ag tús na suiteála. Éascóidh sé sin an tsuiteáil.
- Unicable - Is féidir leat córas Unicable a úsáid chun an mhias aeróige a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Unicable a roghnú do shatailít 1 nó 2 satailít ag tús na suiteála.
Socruithe LNB
Is féidir leat na sainsocruithe don trasfhreagróir frithinge agus do gach LNB a athrú i roinnt tíortha. Ná húsáid ná athraigh na socruithe sin nuair atá teiptha ar ghnáthshuiteáil. Má tá trealamh satailíte nach bhfuil caighdeánach agat, is féidir leat na socruithe sin a úsáid chun na gnáthshocruithe a shárú. D'fhéadfadh roinnt soláthróirí luachanna don trasfhreagróir nó don LNB a thabhairt duit ar féidir leat iad a chur isteach anseo.
- Cumhacht LNB - Is é an socrú réamhshainithe don Chumhacht LNB ná Air.
- Ton 22 kHz - Is é an socrú réamhshainithe don Ton ná Uathoibríoch.
- Minicíocht LO Íseal/ Minicíocht LO Ard - Socraítear minicíochtaí na n-ascaltóirí áitiúla do luachanna caighdeánacha. Ná hathraigh na luachanna ach amháin i gcás trealaimh eisceachtúil a bhfuil luachanna éagsúla ag teastáil uaidh.