Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le nasc HDMI. Bíonn na comharthaí físe agus fuaime araon le chéile in aon chábla HDMI amháin. Úsáid cábla HDMI le haghaidh comhartha teilifíse.

Úsáid cábla HDMI Ardluais chun an t-aistriú comhartha is fearr a fháil agus ná húsáid cábla HDMI níos faide ná 5 m.

 

Cosaint ar chóipeáil

Tacaíonn cáblaí HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray. Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart Digiteach).