Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach comhad ón Diosca Crua USB. Má tá uait craoltaí a thaifeadadh le sonraí ón Eolaire Teilifíse ón Idirlíon, ní mór duit an nasc Idirlín a shuiteáil sula suiteálann tú an Diosca Crua USB.
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta. Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.
Chun Diosca Crua USB a fhormáidiú…