Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don chraoladh teilifíse a bheith ina chraoladh digiteach (craoladh DVB nó a mhacasamhail).
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach comhad ón Diosca Crua USB.
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua uait atá comhoiriúnach le USB agus a bhfuil ar a laghad 4GB de spás air.
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, teastaíonn diosca a bhfuil ar a laghad 250GB de spás saor air. Má tá uait craoladh a thaifeadadh le sonraí eolaire teilifíse ón Idirlíon, ní mór an nasc Idirlín a bheith suiteáilte ar do theilifís sula suiteálann tú an Diosca Crua USB.
Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág nasctha go buan é.

Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta. Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.
Chun na treoracha a léamh, in Cabhair, brúigh an eochair datha Eochairfhocail agus déan cuardach do Diosca Crua USB.