Ní mór duit cód PIN a chur isteach i gcás roinnt CAManna chun féachaint ar a chainéil. Nuair a shocraíonn tú an cód PIN don CAM, molaimid duit an cód céanna a úsáid is atá in úsáid agat chun an teilifís a dhíghlasáil.
Chun an cód PIN a shocrú don CAM…
1. Brúigh SOURCES.
2. Roghnaigh an cineál cainéil atá in úsáid agat don CAM.
3. Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Comhéadan Coiteann.
4 Roghnaigh oibritheoir teilifíse an CAM. Is ón oibritheoir teilifíse a thagann na scáileáin seo a leanas. Lean na treoracha ar an scáileán chun an cód PIN a fháil.