Tá an teilifís seo oiriúnach le MHL™.
Má tá do ghléas soghluaiste oiriúnach le MHL, is féidir leat do ghléas soghluaiste a nascadh leis an teilifís le cábla MHL. Nuair atá an cábla MHL nasctha, is féidir leat a bhfuil ar do ghléas soghluaiste ar scáileán na teilifíse a roinnt. Luchtaíonn do ghléas soghluaiste a cheallra ag an am céanna. Feileann an nasc MHL go maith d'fhéachaint ar scannáin nó cluichí a imirt ó do ghléas soghluaiste ar an teilifís ar feadh tréimhse níos faide.
Nuair atá an cábla MHL nasctha, luchtóidh do ghléas nuair atá an teilifís casta air (ní ar fuireachas).
Teastaíonn cábla MHL fulangach (HDMI go dtí Micro USB) uait chun do ghléas soghluaiste a nascadh leis an teilifís Tá an seans ann go mbeidh cuibheoir breise ag teastáil uait chun do ghléas soghluaiste a nascadh. Úsáid an nasc HDMI 1 MHL chun an cábla MHL a nascadh leis an teilifís.

Is trádmharcanna de chuid an MHL, LLC iad MHL, Mobile High-Definition Link agus Lógó MHL.