Is féidir leat féachaint ar do ghrianghraif nó do cheol agus físeáin a sheinnt ó ghléas soghluaiste ar do theilifís le Wi-Fi Miracast™. Ba cheart don ghléas soghluaiste agus an teilifís a bheith laistigh den raon, sa seomra céanna go hiondúil.

Seiceáil an bhfuil do ghléas soghluaiste réidh do Miracast.

Is gléas Wi-Fi CERTIFIED Miracast™ do theilifís. Is féidir leat breathnú ar scáileán d'fhón cliste, taibléad nó ríomhaire ar scáileán do theilifíse le Miracast™, nó é a roinnt gan sreang. Is féidir leat físeáin a shruthú (fuaim agus fís), grianghraif a roinnt nó rud ar bith eile atá ar scáileán an ghléis. Ní gá an gléas a nascadh le do líonra baile. Ní mór don teilifís agus don ghléas a bheith ina ngléasanna Wi-Fi Wi-Fi CERTIFIED Miracast™ agus ní mór do Miracast a bheith casta air.

Tá Miracast ar an teilifís seo faoi réir ag an bprótacal HDCP agus ní féidir leis scothábhar a seoltar trí ghléas agus a bhfuil cosaint ar chóipeáil air a thaispeáint. Is é an taifeach físeáin is airde a dtacaítear leis ná 720p do 2.4GHz Wi-Fi nó 1080p do 5GHz Wi-Fi.

Téigh go dtí www.wi-fi.org chun tuilleadh eolais a fháil ar Wi-Fi Wi-Fi CERTIFIED Miracast™.

Is trádmharcanna cláraithe de chuid an Wi-Fi Alliance Wi-Fi®, an logó Wi-Fi CERTIFIED, an logó Wi-Fi. Is trádmharcanna de chuid an Wi-Fi Alliance Wi-Fi CERTIFIED Miracast™, Miracast™.