Méaracha teilifíse
Má tá an cianrialtán caillte agat, nó má tá a cheallraí caite, is féidir leat roinnt oibríochtaí bunúsacha teilifíse a dhéanamh i gcónaí.
Chun an roghchlár bunúsach a oscailt…

- Agus an teilifís casta air agat, brúigh an eochair luamháin stiúrtha ar chúl na teilifíse chun an roghchlár bunúsach a oscailt.
- Brúigh clé nó deas chun Airde Fuaime, Cainéal nó Foinsí a roghnú. Roghnaigh Físeán taispeána chun físeán taispeána a thosú.

- Brúigh suas nó síos chun an airde fuaime a athrú nó tiúnáil go dtí an chéad chainéal eile, nó an ceann roimhe sin. Brúigh suas nó síos chun dul trí liosta na bhfoinsí, lena n-áirítear roghnú an tiúnóra.
Imeoidh an roghchlár as amharc go huathoibríoch.