(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe > USB
- Teastaíonn ríomhaire uait le nasc ardluais don Idirlíon agus méaróg chuimhne USB chun na bogearraí a uaslódáil ar an teilifís.
- Úsáid gléas cuimhne USB a bhfuil 512MB de spás saor air. Bí cinnte go bhfuil cosaint ar scríobh casta as.
- Cuir tús leis an nuashonrú ar an teilifís
Roghnaigh Nuashonraigh bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe > USB, ansin brúigh OK.
- Aithin an teilifís
Cuir an maide USB isteach i gceann de naisc USB na teilifíse.
Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK. Scríobhtar comhad aitheantais ar an gnléas cuimhne USB.
- Íoslódáil bogearraí na teilifíse
- Cuir an gléas cuimhne USB isteach i do ríomhaire.
- Ar an ngléas cuimhne USB, aimsigh an comhad update.html agus cliceáil faoi dhó air.
- Cliceáil ar Seol ID.
- Má tá bogearraí nua ar fáil, íoslódáil an comhad .zip.
- Nuair atá an íoslódáil déanta, dízipeáil an comhad agus cóipeáil an comhad autorun.upg go dtí an gléas cuimhne USB.
- Ná cuir an comhad seo i bhfillteán.
- Nuashonraigh bogearraí na teilifíse
Cuir an mhéaróg chuimhne USB isteach sa teilifís arís. Tosaíonn an nuashonrú go huathoibríoch.
Casann an teilfís í féin as ar feadh 10 soicind agus ansin casann sí air arís. Fan le do thoil.
Ná. . . . .
- úsáid an cianrialtán
- bain an gléas cuimhne USB amach ón teilifís
- brúigh faoi dhó
- brúigh an lasc cumhachta ar an teilifís
Casann an teilfís í féin as (ar feadh 10 soicind) agus ansin casann sí air arís. Fan le do thoil.
Tá bogearraí na teilifíse nuashonraithe. Is féidir leat an teilifís a úsáid arís.
Scrios an comhad autorun.upg ón ngléas cuimhne USB chun nuashonrú tionóisceach bhogearraí na teilifíse a chosc.