(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe > Idirlíon (molta)
Déan cuardach do nuashonrú bogearraí tú féin.
- Má tá an teilifís nasctha leis an Idirlíon, d'fhéadfá teachtaireacht a fháil chun bogearraí na teilifíse a nuashonrú. Teastaíonn nasc ardluais (leathanbhanda) leis an Idirlíon. Má fhaigheann tú an teachtaireacht seo, molaimid go ndéanfá an nuashonrú.
- Níl aon phictiúr i rith an nuashonraithe bogearraí agus casfar an teilifís as agus air arís. D'fhéadfadh sé sin tarlú roinnt uaireanta. D'fhéadfadh an nuashonrú roinnt nóiméad a thógáil.
- Fan go dtí go dtiocfaidh pictiúr na teilifíse ar ais. Ná brúigh an lasc cumhachta ar an teilifís nó ar an gcianrialtán i rith an nuashonruithe bogearraí.