2018 © TP Vision Europe B.V. Gach ceart ar cosnamh. 

Is é TP Vision Europe B.V. déantúsóir an táirge seo, a dtagrófar feasta dó mar TP Vision, nó ceann dá chuideachtaí cleamhnaithe, a thug an táirge seo chuig an margadh. Is é TP Vision an barántóir i ndáil leis an teilifís ar tháinig an leabhrán seo in aon phacáiste léi. Is trádmharcanna cláraithe de chuid Koninklijke Philips N.V. Philips agus suaitheantas scéithe Philips.

D’fhéadfadh na sonraíochtaí a athrú gan choinne. Is le Koninklijke Philips N.V., nó a úinéirí faoi seach, na trádmharcanna. Tá sé de cheart ag TP Vision táirgí a athrú am ar bith gan dualgas a bheith air táirgí atá ar fáil cheana féin a athrú dá réir.

Creidtear go bhfuil an t-ábhar scríofa a tháinig in aon phacáiste leis an teilifís agus an lámhleabhar atá stóráilte i gcuimhne na teilifíse nó a íoslódáiltear ó láithreán gréasáin Philips www.philips.com/TVsupport  leordhóthanach don úsáid a bhfuil an córas beartaithe lena haghaidh.

Creidtear go bhfuil an t-ábhar sa treoirleabhar seo leordhóthanach don úsáid atá beartaithe ag an gcóras. Má úsáidtear an táirge, nó a mhodúil nó nósanna imeachta indibhidiúla, chun críche nach bhfuil sonraithe leis seo, ní mór deimhniú a fháil maidir lena mbailíocht agus a n-oiriúnacht. Barántaíonn TP Vision nach sáraíonn an t-ábhar féin aon phaitinn de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá. Níl aon bharantá eile ráite nó intuigthe. Ní bheidh TP Vision freagrach as aon earráid in ábhar na cáipéise seo ná as aon fhadhb a eascraíonn as ábhar na cáipéise seo. Leigheasfar earráidí a thuairiscítear do Philips agus foilseofar ar láithreán gréasáin tacaíochta Philips a luaithe is féidir.

Téarmaí baránta - Baol gortuithe, damáiste don teilifís nó an baránta a chur ar neamhní!
Ná triail go deo an teilifís a dheisiú tú féin. Úsáid an teilifís agus a comhghabhálais mar atá beartaithe ag an déantúsóir. Tugann an comhartha rabhaidh ar chúl na teilifíse le fios go bhfuil baol turrainge leictrí ann. Ná bain as clúdach na teilifíse go deo. Déan teagmháil le Cúram Custaiméirí Philips TV le haghaidh seirbhíse nó deisiúchán. Aimsigh an uimhir theileafóin sa cháipéisíocht phriontáilte a tháinig leis an teilifís. Nó tabhair cuairt ar ár láithreán gréasáin www.philips.com/TVsupport agus roghnaigh do thír más gá. Cuirfear an baránta ar neamhní má dhéantar aon oibríocht atá toirmiscithe go sainráite sa treoirleabhar seo, nó aon choigeartú nó nós imeachta cóimeála nach bhfuil molta ná údaraithe sa treoirleabhar seo.

Tréithe picteilín
Tá líon ard picteilíní daite ag an táirge LCD/LED seo. Cé go bhfuil picteilíní éifeachtacha de 99.999% nó níos airde aige, d’fhéadfaí poncanna dubha nó pointí geala solais (dearg, uaine nó gorm) a bheith ar taispeáint go leanúnach ar an scáileán. Airí struchtúrtha de chuid na taispeána é seo (laistigh de ghnáthchaighdeáin an tionscail) agus ní mífheidhm é.

Comhlíonadh CE
Deimhníonn TP Vision Europe B.V. leis seo go bhfuil an teilifís seo comhlíontach le bunriachtanais agus le forálacha ábhartha eile Treoracha 2014/53/AE (RED), 2009/125/CE (Éicea-dearadh), 2010/30/AE (Lipéadú Fuinnimh) and 2011/65/CE (RoHS).

Comhlíonadh le EMF
Déantúsaíonn agus díolann EMF TP Vision Europe B.V. go leor táirgí atá dírithe ar thomhaltóirí a bhfuil an cumas acu, cosúil le trealamh leictreonach ar bith, comharthaí leictreamhaighnéadacha a astú agus a fháil. Is é ceann de phrionsabail ghnó TP Vision tabhairt faoi gach beart sláinte agus sábháilteachta atá riachtanach dár dtáirgí chun comhlíonadh le gach riachtanais dlí infheidhmithe agus chun fanacht taobh istigh de na caighdeáin Réimse Leictreamhaighnéadach (EMF) a bhí infheidhmithe ag an am ar táirgeadh na táirgí.

Tá TP Vision tiomanta táirgí a fhorbairt, a tháirgeadh agus a chur ar an margadh nach bhfuil ina n-údar d'aon díobháil sláinte. Dearbhaíonn TP Vision go bhfuil a tháirgí sábháilte le haghaidh an úsáid atá beartaithe acu de réir na fianaise eolaíche atá ar fáil inniu, chomh fada is a úsáidtear iad chun an úsáid atá beartaithe leo. Tá ról gníomhach ag TP Vision i bhforbairt caighdeán idirnáisiúnta EMF agus sábháilteachta, rud a chuireann ar chumas TP Vision tuilleadh forbairtí i gcaighdeánú a ionchasú agus na forbairtí sin a chomhtháthú go luath ina dtáirgí.