- Ná bíodh aon rud i dteagmáil leis an scáileán agus ná húsáid aon rud chun an scáileán a bhrú, a chuimilt nó a bhualadh.
- Bain amach pluga na teilifíse sula nglanann tú í.
- Glan an teilifís agus an fráma le ceirt bhog thais agus cuimil go séimh í. Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh nó glantóirí tí ar an teilifís.
- Chun dífhoirmithe agus téaltú na ndathanna a sheachaint, glan suas braonta uisce chomh tapaidh agus is féidir.
- Seachain íomhánna cónaitheacha a mhéid is féidir. Íomhánna a fhanann ar an scáileán ar feadh tréimhsí fada iad íomhánna cónaitheacha. Áirítear le híomhánna cónaitheacha roghchláir ar an scáileán, barraí dubha, taispeáintí ama, srl. Má chaitheann tú íomhánna cónaitheacha a úsáid, laghdaigh codarsnacht agus gile an scáileán chun damáiste don scáileán a sheachaint.