- Ná nocht an teilifís don bháisteach nó d'uisce. Ná cuir soithí ina mbíonn leachtanna, cosúil le vásaí, in aice leis an teilifís.
Má dhoirtear leachtanna ar an teilifís, nó isteach inti, dínasc an teilifís ón asraon cumhachta láithreach.
Déan teagmháil le Cúram Custaiméirí Philips TV chun an teilifís a sheiceáil sula n-úsáidfí í.
- Ná nocht an teilifís, an cianrialtán ná ceallraí go deo do theas iomarcach. Ná cuir in aice le coinnle ar lasadh nó lasracha gan chosaint iad, ná in aice le foinsí teasa iad, lena n-áirítear teas díreach na gréine.
- Ná cuir aon rud isteach sna sliotáin aeraithe go deo, ná sna hoscailtí eile ar an teilifís.
- Ná cuir rudaí troma go deo ar an seolán cumhachta.
- Ná bíodh aon neart á imirt ar na plugaí cumhachta. Tá plugaí cumhachta scaoilte in ann a bheith ina n-údar do stuáil nó do thine. Bí cinnte nach mbeidh aon straidhn ar an seolán cumhachta nuair a sclóineann tú scáileán na teilifíse.
- Chun an teilifís a dínascadh ó chumhacht an phríomhlíonra, ní mór pluga cumhachta na teilifíse a dínascadh. Nuair atá an chumhacht a dínascadh agat, tarraing an pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an seolán go deo. Bí cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga cumhachta, an seolán cumhachta agus ar an soicéad asraoin i gcónaí.