Níor aimsíodh aon chainéal digiteach i rith na suiteála
- Seiceáil ar nascadh an teilifís le haeróg nó an bhfuil comhartha soláthróra á úsáid aici. Seiceáil na naisc cábla.
- Seiceáil an bhfuil cainéil dhigiteacha ar fáil sa tír ina bhfuil an teilifís suiteáilte agat.
- Seiceáil an bhfuil an córas ceart DVB (Craoladh Digiteach Físe) roghnaithe agat. Seiceáil DVB-T (trastíre) nuair a úsáideann tú aeróg nó aeróg choiteann, roghnaigh DVB-C (cábla) má úsáideann tú seirbhís teilifíse cábla a bhfuil modúl CAM aici.
- Déan an tsuiteáil arís agus seiceáil an bhfuil an tír agus an córas ceart roghnaithe agat.
Níor aimsíodh aon chainéal analógach i rith na suiteála
- Seiceáil ar nascadh an teilifís le haeróg. Seiceáil na naisc cábla.
- Seiceáil an bhfuil an córas ceart DVB (Craoladh Digiteach Físe) roghnaithe agat. Roghnaigh DVB-T (trastíre) nuair a úsáideann tú aeróg nó aeróg choiteann.
- Déan an tsuiteáil arís agus roghnaigh Cainéil dhigiteacha agus analógacha i rith na suiteála.
Tá roinnt cainéal imithe, ní féidir gach ceann nó roinnt de na cainéil a suiteáladh cheana a aimsiú
- Seiceáil ar roghnaigh tú an Liosta cainéal ceart nó an Liosta ceanán ceart a bhíonn in úsáid agat go hiondúil.
- D’fhéadfadh an craoltóir roinnt cainéal a bhogadh nó fiú iad a scriosadh. Déan iarracht an cainéal atá ar iarraidh a aimsiú sa ghnáthliosta cainéal. Mura bhfuil fáil ar an gcainéal i gcónaí, is féidir leat é a chur ar ais sa liosta ceanán.
- Is féidir cainéal a scriosadh ón liosta cainéal i rith Nuashonrú cainéal uathoibríoch. Déantar na huasghráduithe uathoibríocha sin thar oíche má tá an teilifís ar fuireachas.
Scriostar cainéil nach ann dóibh níos mó agus cuirfear cainéil nua leis an liosta cainéal. D’fhéadfaí cainéal a scriosadh ar bhonn eisceachtúil ar an mbunús nach raibh an teilifís in ann é a aimsiú nuair a bhí sí ag seiceáil ar ann dó. Seans nach gcraolfaidh sé san oíche.
Chun nach scriosfar cainéil i rith an Nuashonrú Cainéal Uathoibríoch mar nach raibh an teilifís in n ann iad a aimsiú cé gur ann dóibh i gcónaí, is féidir leat Nuashonrú Cainéal Uathoibríoch a chasadh as.
(Baile) > Socruithe > Gach Socrú > Cainéil > Suiteáil aeróige/cábla, Suiteáil satailíte* > Nuashonrú Cainéal Uathoibríoch
* Is do mhúnlaí a thacaíonn le feidhmeanna satailíte amháin suiteáil satailíte.
Cainéal DVB-T2 HEVC
- Féach ar na sonraíochtaí teicniúla chun a chinntiú go dtacaíonn do theilifís le DVB-T2 HEVC i do thír agus athshuiteáil an cainéal DVB-T.