Mura bhfuil tú in ann teacht ar réiteach ar an bhfadhb atá agat le do theilifís in Fabhtcheartú, is féidir leat úsáid a bhaint as  Eochairfhocail in Cabhair > Treoir úsáideora chun an t-eolas atá uait a fháil. Roghnaigh eochairfhocal chun dul go dtí an leathanach is ábhartha sa Treoir úsáideora. 

Mura bhfuil na freagra ar do cheist sa Treoir úsáideora, is féidir leat dul go dtí suíomh gréasáin tacaíochta Philips.

Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne chun aon fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a réiteach. Is féidir leat do theanga a roghnú agus uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.

Tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport.

Is féidir leat an uimhir teileafóin chun dul i dteagmháil linn i do thír féin a aimsiú ar an suíomh tacaíochta, chomh maith le freagraí do cheisteanna coitianta (CCanna). Is féidir leat dul i mbun comhrá le duine dár gcomhoibrithe i roinnt tíortha agus do cheist a chur go díreach nó ceist a sheoladh trí ríomhphost.
Is féidir leat bogearraí nua teilifíse a íoslódáil, nó an treoir úsáideora chun í a léamh ar do ríomhaire.

Chun níos mó eolais faoi fhabhtcheartú teilifíse agus ceisteanna a chuirtear go minic a fháil (CCanna)...

Téigh go dtí http://philips-tvconsumercare.kxondemand.com/portal/en/ModelSelect

 

Cabhair teilifíse ar do tháibléad, d'fhón cliste nó do ríomhaire

Chun go n-éascófaí seichimh fada treoracha, is féidir leat Cabhar teilifís a íoslódáil i bhformáid PDF le haghaidh a léite ar d'fhón cliste, taibléad nó ríomhaire. Mar rogha air sin, is féidir leat an leathanach ábhartha ó Chabhair a phriontáil ó do ríomhaire.
Chun Cabhair (an treoir úsáideora) a íoslódáil, téigh go dtí www.philips.com/TVsupport