Is féidir leat glaoch ar an mbeolíne Chúram Custaiméirí i do thír chun tacaíocht nó athdheisiú a fháil. Déanfaidh ár n-innealltóirí seirbhíse athdheisiú, más gá.

Aimsigh an uimhir teileafóin ar an doiciméadúchán priontáilte a tháinig leis an teilifís.
Nó tabhair cuairt ar ár láithreán gréasáin www.philips.com/TVsupport agus roghnaigh do thír má gá.

Uimhir mhúnla agus sriathuimhir na teilifíse

D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort uimhir mhúnla an táirge teilifíse agus an tsraithuimhir a thabhairt. Aimsigh na huimhreacha seo ar an lipéad pacáistithe nó ar an lipéad cineáil ar chúl nó ar bhun na teilifíse.

 Rabhadh

Ná triail an teilifís a athdheisiú tú féin. D'fhéadfá tú féin a ghortú go dona, damáiste nach féidr é a leigheas a dhéanamh do do theilifís nó do bharánta a chur ar ceal.