Sa chéad chéim eile, nascfaidh tú an teilifís leis an Philips Hue Bridge.
Ní féidir an teilifís a nascadh ach le Hue Bridge amháin.
Chun an Hue Bridge a nascadh…
- Nuair atá an teilifís nasctha leis an líonra, taispeánfaidh sé na Hue Bridges atá ar fáil. Murar aimsigh an teilifís do Hue Bridge fós, is féidir leat Scan arís a roghnú agus brúigh OK.
Más rud é gur aimsigh an teililfís an t-aon Hue Bridge atá agat, roghnaigh ainm an Hue Bridge agus brúigh OK.
Má tá níos mó ná Hue Bridge amháin ar fáil agat, roghnaigh an Hue Bridge a bhfuil uait é a úsáid agus brúigh OK.
- Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK.
- Anois téigh go dtí an Philips Hue Bridge agus brúigh an cnaipe naisc i lár an ghléis. Nascfaidh sé sin an Hue Bridge leis an teilifís. Déan é sin laistigh de 30 soicind. Dearbhóidh an teilifís má tá Hue Bridge nasctha leis an teilifís anois.
- Roghnaigh OK agus brúigh OK.
Nuair atá an Philips Hue Bridge nasctha leis an teilifís, téigh go dtí an leathanach Bolgáin Hue.