Oscail App gallery (Gailearaí na bhFeidhmchlár) i Smart TV chun na feidhmchláir a bhrabhsáil, ar bailiúchán de láithreáin ghréasáin iad atá curtha in oiriúint don teilifís.

Aimsigh an Feidhmchlár d'fhíseáin YouTube, nuachtán náisiúnta, albam grianghraf ar líne, etc. Tá Feidhmchláir ann chun físeán a thógáil amach ar cíos ó shiopa físeán ar líne agus Feidhmchláir chun féachaint ar chláir atá caillte agat. Mura bhfuil an rud atá de dhíth ort ar fáil sa (gailearaí na bhFeidhmchlár), bain triail as an nGréasán Domhanda agus scimeáil an tIdirlíon ar an teilifís.

Cuardaigh

Is féidir leat Gailearaí na bhFeidhmchlár a chuardach le haghaidh Feidhmchlár ábhartha.
Cuir isteach eochairfhocal sa réimse téacs, roghnaigh  agus brúigh OK chun tús a chur leis an gcuardach. Is féidir leat ainmneacha, teidil, seánraí agus eochairfhocail a chur isteach chun iad a chuardach.
Mar rogha air sin, is féidir leat an réimse téacs a fhágáil folamh agus cuardach a dhéanamh do na cuardaigh/eochairfhocail is mó a bhfuil tóir orthu thar raon catagóirí. Sa liosta eochairfhocail a aimsítear, roghnaigh eochairfhocal agus brúigh OK chun cuardach a dhéanamh do mhíreanna a bhfuil an eochairfhocal sin acu.