Féach ar Shocruithe Líonra

 (Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra > Féach ar shocruithe líonra

Is féidir leat gach socrú líonra reatha a fheiceáil anseo. An seoladh IP agus MAC, neart an chomhartha, luas, modh criptithe, etc.

 

Cumraíocht Líonra - IP Statach

 (Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra > Cumraíocht Líonra > IP Statach

Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait do líonra a shuiteáil le seolachán IP Statach, athraigh socrú na teilifíse go IP Statach.

 

Cumraíocht Líonra - Cumraíocht IP Statach

 (Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra > Cumraíocht IP statach

  1. Roghnaigh Cumraíocht IP Statach agus cumraigh an nasc.
  2. Is féidir leat an uimhir a shocrú don Seoladh IPNetmaskGatewayDNS 1, nó DNS 2.

 

Cas Air le Wi-Fi (WoWLAN)

 (Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra > Cas air le Wi-Fi (WoWLAN)

Is féidir leat an teilifís seo a chasadh air ó d'fhón cliste nó do thaibléad má tá an teilifís i staid fuireachais. Ní mór an socrú Cas air le Wi-Fi (WoWLAN) a bheith casta air.

 

Rindreálaí Meán Digiteach - DMR

 (Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra > Rindreálaí Meán Digiteach - DMR

Mura seinneann do chomhaid meán ar do theilifís, cinntigh go bhfuil an Rindreálaí Meán Digiteach casta air. Bíonn DMR casta air mar réamhshocrú.

 

Cas air nasc Wi-Fi

 (Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra > Wi-Fi Air/As

Is féidir leat an nasc Wi-Fi a chasadh air nó as ar do theilifís.

 

Athshocraigh naisc Wi-Fi Miracast

 (Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra > Athshocraigh naisc Wi-Fi Miracast

Glan an liosta gléasanna nasctha agus blocáilte a n-úsáidtear le Miracast.

 

Socruithe líonra

 (Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra > Ainm líonra teilifíse

Má tá níos mó ná teilifís amháin i do líonra baile agat, is féidir leat ainm uathúil a thabhairt don teilifís.

 

Socruithe Netflix

 (Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra > Socruithe Netflix

Le Socruithe Netflix, is féidir leat an uimhir ESN a fheieáil nó an gléas Netflix a dhíghníomhachtú.

 

Glan Cuimhne Idirlín

 (Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra > Glan Cuimhne Idirlín

Glanann tú do chlárú le freastalaí Philips le Glan Cuimhne Idirlín chomh maith le do shocruithe rátáil tuismitheora, do logálacha isteach d'fheidhmchláir shiopa físeán, gach ceanán Ghailearaí na bhFeidhmchlár Philips, leabharmharc Idirlín agus stair. Ta feidhmchláir MHEG idirghníomhacha in ann 'fianáin', mar a thugtar orthu, a shábháil ar do theilifís freisin. Glanfar na comhaid sin freisin.