Déan an Nasc - Gan Sreang
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra > Nasc le líonra > Gan sreang
- Cliceáil ar do líonra gan sreang sa liosta de na líonraí a aimsíodh. Mura bhfuil do líonra sa liosta mar go bhfuil ainm an líonra i bhfolach (chas tú as craoladh SSID an ródaire), roghnaigh Cuir Líonra Nua leis an liosta chun ainm an líonra a chur isteach tú féin.
- Ag brath ar chineál an ródaire, cuir isteach d'eochair criptithe - WEP, WPA nó WPA2. Más rud é gur chuir tú isteach an eochair chriptithe don líonra seo cheana féin, is féidir leat OK a chliceáil chun an nasc a dhéanamh láithreach.
- Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an nasc.
Déan an Nasc - WPS
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra > Nasc le líonra > WPS
Má tá WPS ag do ródaire, is féidir leat nascadh leis an ródaire go díreach gan scanadh a dhéanamh do líonraí. Má tá gléasanna agat i do líonra gan sreang a úsáideann an córas slándála criptithe WEP, ní féidir leat WPS a úsáid.
- Téigh go dtí an ródaire, brúigh an cnaipe WPS agus téigh ar ais go dtí an teilifís laistigh de 2 nóiméad.
- Cliceáil Nasc chun an nasc a dhéanamh.
- Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an nasc.
Déan an Nasc - WPS le Cód PIN
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra > Nasc le líonra > WPS le Cód PIN
Má tá WPS a bhfuil cód PIN air ag do ródaire, is féidir leat nascadh go díreach leis an ródaire gan scanadh a dhéanamh do líonraí. Má tá gléasanna agat i do líonra gan sreang a úsáideann an córas slándála criptithe WEP, ní féidir leat WPS a úsáid.
- Scríobh síos an cód PIN a bhfuil 8 digit ann atá ar taispeáint ar an scáileán agus cuir isteach i mbogearraí an ródaire ar do ríomhaire é. Faigh comhairle ó threoirleabhar an ródaire faoin áit a bhfuil an cód PIN le cur isteach i mbogearraí an ródaire.
- Cliceáil Nasc chun an nasc a dhéanamh.
- Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an nasc.