Tá socruithe aschuir dhigitigh ar fáil do chomharthaí aschuir SPDIF (optúil) agus do chomharthaí fuaime HDMI ARC.
Formáid Dhigiteach amach
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Fuaim > Ardsocruithe > Formáid Dhigiteach amach
Socraigh comhartha fuaime amach na teilifíse chun dul in oiriúint do chumais fuaime an Chóras Amharclainne Baile nasctha.
- Steiréó: Mura bhfuil próiseáil fuaim ilchainéil ag do ghléasanna athsheanma, ná seol ach ábhar steireó chuig do ghléasanna athsheanma fuaime.
- Ilchainéal: Roghnaigh chun díreach ábhar fuaime 5.1 amháin (comhartha fuaime ilchainéil comhbhrúite) a aschur chuig do ghléasanna athsheanma fuaime.
- Dolby Digital Plus: Ná seol ach ábhar Dolby Digital Plus nó DTS chuig chuig do ghléasanna athsheanma fuaime nó do Chóras amharclainne baile.
- Cinntigh go dtacaíonn do ghléasanna athsheanma fuaime Dolby Atmos.
- Díchumasófar aschur SPDIF (DIGITAL AUDIO OUT) nuair atáthar ag sruthú ábhar Dolby Digital Plus.
Leibhéaladh Digiteach Amach
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Fuaim > Ardsocruithe > Leibhéaladh Digiteach Amach
Athraigh an leibhéal treise ó ghléas atá nasctha le haschur digiteach fuaime (SPDIF) nó HDMI.
- Roghnaigh Níos mó chun airde fuaime níos treise a bheith agat.
- Roghnaigh Níos lú chun airde fuaime níos boige a bheith agat.
Moill Digiteach amach
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Fuaim > Ardsocruithe > Moill Digiteach amach
I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans ann go mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a mhionathrú chun an fhuaim a shioncronú leis an bhfís. Roghnaigh As má tá moill fuaime socraithe ar do Chóras Amharclainne Baile.
Seach-chur Digiteach amach (Níl fáil air ach amháin nuair atá Moill Digiteach amach socraithe go Air)
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Fuaim > Ardsocruithe > Seach-chur Digiteach amach
- Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras Amharclainne Baile, is féidir leat an teilifís a shocrú chun an fhuaim a shioncronú.
- Is féidir leat seach-chur a shocrú a dhéanann cúiteamh don mhéid ama atá ag teastáil ón gCóras Amharclainne Baile chun fuaim phictiúr na teilifíse a phróiseáil.
- Is féidir leat an luach a shocrú i gcéimeanna 5ms. Is é 60ms an socrú is airde.