(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Pictiúr > Formáid pictiúir
Mura bhfuil an pictiúr ag líonadh an scáileáin ar fad, má tá barraí dubha ar taispeáint ag barr nó ag bun an scáileáin nó ar an dá thaobh, is féidir leat an pictiúr a athrú chun an scáileán a líonadh ar fad.
Chun ceann de na bunsocruithe a roghnú chun an scáileán a líonadh…
- Scáileán Leathan – déanann sé an pictiúir a zúmáil go scáileán leathan go huathoibríoch.
- Líon Scáileán – méadaíonn sé an pictiúr go huathoibríoch chun an scáileán a líonadh. Is beag díchumadh pictiúir atá ann agus bíonn na fotheidil le feiceáil i gcónaí. Níl sé feiliúnach d'ionchur ó ríomhaire. Tá roinnt formáidí pictiúr foircneacha in ann barraí dubha a thaispeáint i gcónaí.
- Cuir in Oiriúint don Scáileán – zúmálann sé an pictiúr isteach go huathoibríoch chun an scáileán a líonadh gan díchumadh. D'fhéadfadh barraí dubha a bheith le feiceáil. Ní thacaítear leis d’ionchur ríomhaire.
- Bunaidh – taispeánann sé formáid bhunaidh an phictiúir atá ag teacht isteach.
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Pictiúr > Formáid pictiúir > Ardsocruithe
Chun an pictiúr a fhormáidiú de láimh…
- Aistriú – roghnaigh na saigheada chun an pictiúr a aistriú. Ní féidir leat an pictiúr a aistriú ach amháin nuair atá sé zúmáilte isteach.
- Zúmáil – roghnaigh na saigheada chun zúmáil isteach.
- Sín – roghnaigh ar na saigheada chun an pictiúr a shíneadh go hingearach nó go cothrománach.
- Cealaigh – roghnaigh chun filleadh go dtí an fhormáid pictiúir ar thosaigh tú léi.